Cumann Cógaiseoirí na hÉireann

Cosnaíonn Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (CCÉ) sláinte, sábháilteacht agus folláine othar agus an phobail trí chógaiseoirí agus cógaslanna in Éirinn a rialáil.

Mar an rialálaí cógaisíochta, socraíonn CCÉ an caighdeán maidir le hoideachas agus oiliúint cógaiseoirí in Éirinn agus cruthaíonn sé na caighdeáin agus na tacaíochtaí chun an dea-chleachtas gairmiúil a chur chun cinn i réimse na cógaisíochta. Cláraíonn CCÉ cógaiseoirí, cúntóirí cógaisíochta agus cógaslanna, déanann sé cigireachtaí ar chógaslanna, agus téann sé i mbun gnímh nuair a thagann imní chun cinn faoi chógaiseoir nó faoi chógaslann, agus nuair a fhaightear gearán.

Leis an Acht Cógaisíochta, 2007, bunaíodh ról agus freagrachtaí CCÉ, agus tá sé ar fáil i nGaeilge anseo.


Ár Ról

Is é príomhról CCÉ sábhailteacht an phobail a chinntiú. Tá CCÉ tiomanta dá chuid oibre a dhéanamh ar bhonn neamhspleách, eiticiúil agus trédhearcach. Is é seo a leanas príomhról an CCÉ:

  • Cógaiseoirí, cúntóirí cógaisíochta agus cógaslanna a chlárú;;
  • Caighdeáin a leagan síos i dtaca le hoideachas agus oiliúint cógaiseoirí ar leibhéal fochéime agus ar leibhéal iarchéime, agus a chinntiú go dtugann gach cógaiseoir faoi fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) iomchuí;
  • Cleachtas cógaisíochta a fhorbairt ar mhaithe le leas na n-othar agus an chórais sláinte níos fairsinge;
  • Rialáil a dhéanamh trí chigireacht agus fhorfheidhmiú, agus breithniú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne cógaiseora nó cógaslainne, chomh maith le smachtbhannaí a chur I bhfeidhm; agus
  • Comhairle agus treoir a sholáthar don phobal, do ghairm na cógaisíochta agus don Rialtas maidir le cúram, cóireáil agus seirbhís na cógaisíochta in Éirinn.

Comhairle CCÉ

Tá comhacht reachtúil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus is gníomhaireacht é den Roinn Sláinte. Tá sé faoi rialú Comhairle de 21 comhalta. An tAire Sláinte a cheapann gach ball den Chomhairle i gcomhlíonadh leis an Acht Cógaisíochta 2007.

Tá an Chomhairle freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmeanna CCÉ a chur ar fáil, ar mhaithe le leas an phobail. Cuimsíonn sé seo straitéis don CCÉ a leagadh síos agus cinntíonn sé go gcomhlíontar cuspóirí. Tá freagrachtaí poiblí ag CCÉ agus ní mór dó gníomhú i gcónaí i gcomhthéacs ar mhaithe le leas an phobail.

Eagrúchán agus Rialachas

Tá Cláraitheoir (Príomhoifigeach) CCÉ freagrach as obair agus oibriú laethúil na heagraíochta a stiúradh agus a chinntiú go gcuirtear an Straitéis Chorparáideach i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Tugann comhaltaí foirne na Feidhmeannachta in CCÉ faoi chuspóirí straitéiseacha, reachtúla agus eagraíochtúla CCÉ chun tacú le hobair na Comhairle. Is iad príomh-Ranna oibriúcháin CCÉ:

  • Oifig an Chláraitheora Rialáil;
  • Oideachas agus Clárúchán;
  • Forbairt Chleachtas na Cógaisíochta
  • Clárú agus Aithint Cáilíochtaí;
  • Forbairt Chleachtas na Cógaisíochta;
  • Oibríochtaí;
  • Rialachas Corparáideach agus Gnóthaí Poiblí

Ár Misean

Déanaimid sláinte, sábháilteacht agus folláine othar agus an phobail a chosaint trí dhul i mbun gníomh tráthúil agus éifeachtach lena chinntiú go bhfuil cógaslanna in Éirinn inniúil agus go bhfuil cógaslanna ag oibriú ar ardchaighdeáin sábháilteachta agus iontaofachta.

Ár bhFís

Go mbíonn teacht ag an bpobal ar sheirbhísí iontaofa cógaisíochta agus go gcuireann CCÉ go soiléir agus follasach leis an bhfáil a bhíonn ar na seirbhísí siúd agus ar a gcáilíocht.

Conas a dhéanaim gearán?

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a caitheadh leat i gcógaslann, nó má bhíonn buarthaí ort faoi iompar, cleachtas nó sláinte chógaiseora, féadfaidh tú gearán a dhéanamh le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (CCÉ), an rialtóir cógaisíochta . Is é ról CCÉ chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin a rinneadh faoi chógaiseoir nó cógaslann agus chun dul i mbun gnímh, más gá, chun dul i ngleic leis an gceist. Mínítear sa treoir seo próiseas gearán agus disciplíneach CCÉ, ina measc cén gearáin ar féidir le CCÉ déileáil leo, conas gearán a dhéanamh, agus an méid a tharlaíonn i ndiaidh duit gearán a dhéanamh.

Caithfidh do ghearán a bheith i scríbhinn. Ní féidir linn glacadh le gearáin a dhéantar ar an nguthán. I Féadtar cóip d’fhoirm ghearáin CCÉ a chomhlánú agus a shíniú agus í a sheoladh ar ais sa phost nó ar ríomhphost scanta chuig CCÉ.

Léigh na Tuarascálacha Bliantúla i nGaeilge.